• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Skip to footer

CSL

Primary School Study

  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
CSL

Iniúchadh a dhéanamh ar thaithí saoil páistí i mbunscoileanna na hÉireann

Foghlaim tuilleadh

Cé muidne

An chéad staidéar domhain in Éirinn ar bhunscoileanna lena gcuirtear le forbairt an bheartais náisiúnta, a bhfuil tuairimí páistí, a dteaghlach, a múinteoirí agus ceannairí scoile mar bhonn eolais leis.

Choimisiúnaigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta an Staidéar Saol Scoile Páistí (CSL) atá ar bun ag Scoil an Oideachais sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Staidéar suntasach atá ann lena ndéantar iniúchadh ar an taithí saoil atá ag os cionn 4,000 páiste i 189 bunscoil ar fud na hÉireann ó earrach 2019 – earrach 2024.

Leanann CSL dhá chohórt aoise – páistí a thosaigh rang a dó in 2018 agus páistí a d’aistrigh ón réamhscoil go dtí na naíonáin shóisearacha in 2019.

Dírítear ar thuiscint shaibhir mhionsonraithe ar fhoghlaim páistí, a bhfolláine agus rannpháirtíocht agus a dtaithí ar chomhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú. Cuirtear san áireamh na tosca a mbíonn tionchar acu ar na heispéiris sin sa bhaile agus sa phobal áitiúil, ar scoil agus sa seomra ranga.

Soláthraítear le CSL forléargas domhain cuimsitheach ar bheartas agus ar chleachtas i mbunscoileanna.  Cuirfidh an staidéar bonn eolais faoi obair CNCM chun curaclam na bunscoile a athbhreithniú agus a nuashonrú chun a chinntiú go leanfaidh sé ar aghaidh ag soláthar bonn láidir don teagasc agus don fhoghlaim.

Tweets
DEARADH AN TAIGHDE

Don staidéar CSL, úsáidtear dearadh fadaimseartha tras-seicheamhach, lena gcuirtear tacar saibhir
sonraí ó mhodhanna measctha ar fáil. Faightear sin ach staidéar cainníochtúil atá ionadaíoch don tír agus cás-staidéir dhoimhne ar fho-shampla scoileanna a dhéanamh.

Léigh tuilleadh
EITIC AGUS COSAINT SONRAÍ

Cheadaigh Coiste Eitice um Thaighde Daonna an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an Staidéar Saol Scoile Páistí.

Léigh tuilleadh
MAOINITHEOIRÍ AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA

Tugann saineolaithe idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ar réimsí ar leith den dearadh taighde agus taighde a dhéanamh le páistí, comhairle d’fhoireann CSL ar na modhanna staidéir.

Léigh tuilleadh

Footer

University College Dublin,
School of Education,
Roebuck Offices, Belfield,

Dublin 4, Ireland


T:  +353 1 716 7906
E:  csl@ucd.ie


  • Baile
  • An Fhoireann
  • Taighdeoirí
  • Eitic Agus Cosaint Sonraí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English

GDPR Cookie Policy Terms & Conditions
Website by Giant Elk Creative