Dearadh an Taighde CSL
Aistrithe oideachasúla
Is am cinniúnach i saol an pháiste é an t-aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil agus ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil (oideachas meánscoile). Fiosraítear le staidéar CSL an chaoi a mbainistíonn páistí, a dteaghlaigh agus a scoileanna tréimhsí aistrithe agus conas a oiriúnaíonn siad do na tréimhsí sin, agus béim ar leith á cur ar fholláine agus ar thorthaí foghlama.
Comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú
Breathnaímid ar an tionchar a bhíonn ag inscne, aicme shóisialta, eitneachas, míchumas/cumas agus aois ar shaol páistí bunscoile, tosaíochat a thabhairt do ghutanna leanaí, lena n-áirítear an chaoi a dtrasnaíonn dinimic an teaghlaigh, an phobail agus na scoile ar thorthaí foghlama agus ar phatrúin an chomhionannais, an rannpháirteachais agus na rannpháirtíochta le curaclam na bunscoile.
Folláine agus Rannpháirtíocht
Tá gné mhothúchánach, shíceolaíoch agus shóisialta ag baint le folláine páistí agus forbraítear i gcomhthéacsanna scoile í. Is cuid lárnach den fholláine í an rannpháirtíocht scoile agus bíonn tionchar aici ar thorthaí foghlama páistí. I staidéar CSL déantar scrúdú ar an gcaoi a bhforbraíonn folláine agus rannpháirtíocht páistí le linn na bunscolaíochta.
Foghlaim agus Teagasc
Fiosraítear taithí laethúil páistí agus tuiscintí páistí, múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí (agus seantuismitheoirí!) ar a mbunscoileanna, agus soláthraítear forléargas saibhir ar thimpeallachtaí scoile agus seomra ranga i gcomhthéacs níos leithne an athraithe shóisialta, agus forbairtí i gcleachtais churaclaim, oideolaíocha agus mheasúnaithe.
Torthaí Foghlama
Scrúdaítear an chaoi a bhforbraíonn gnóthachtáil litearthachta agus uimhearthachta páistí ar fud na bunscolaíochta. Ach sonraí caighdeánaithe gnóthachtála a bhailiú le himeacht ama, beifear in ann scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann raon fachtóirí i bhfeidhm ar an bhfoghlaim agus ar an ngnóthachtáil.
Is staidéar náisiúnta fadaimseartha é Saol Scoile Páistí atá ionadaíoch don tír ar fad a dhéantar in imeacht sé bliana. Tá dhá chohórt i gceist mar a leantar an grúpa céanna páistí gach bliain ina dtaithí ar an mbunscoil.
Cohórt A
- Leantar páistí a thosaíonn sa bhliain réamhscoile agus iad ag aistriú isteach sa bhunscoil
- Leantar na páistí sin go dtí deireadh rang a dó
- Tonn 1 a bailíodh in earrach 2019
- 87 bunscoil agus 200 réamhscoil a dhéanann ionadaíocht do gach cineál scoile go náisiúnta
- 8 rang cás-staidéir dhoimhne ar fud suíomhanna éagsúla bunscoile
Cohórt B
- Leantar páistí i rang a dó
- Leantar na páistí sin gach bliain go dtí an chéad bhliain sa mheánscoil (2024–2025)
- Tonn 1 a bailíodh in earrach 2019
- 102 bunscoil a dhéanann ionadaíocht do gach cineál scoile go náisiúnta
- 7 rang cás-staidéir dhoimhne ar fud suíomhanna éagsúla bunscoile
Tonn 1 | Tonn 2.1 | Tonn 2.2 | Tonn 3 | Tonn 4 | Tonn 5 | Tonn 6.1 | Tonn 6.2 | |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Bliain | 2019 | 2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | 2023 | 2024 |
Cohórt A | Réamhscoil | Naíonáin Shóisearacha | Naíonáin Shóisearacha | Naíonáin Shinsearacha | Rang a hAon | Rang a Dó | - | - |
Cohórt B | Rang a Dó | - | Rang a Trí | Rang a Ceathair | Rang a Cúig | Rang a Sé | An Chéad Bhliain | An Chéad Bhliain |
Is staidéar modhanna measctha é Saol Scoile Páistí lena ndéantar staidéar náisiúnta ar pháistí ar fud 189 bunscoil agus taighde níos doimhne i gcás-staidéir le 13 scoil.
Maidir leis na cás-staidéir, a roghnaítear chun ionadaíocht a dhéanamh d’éagsúlacht na gcineálacha bunscoileanna in Éirinn, caitear níos mó ama i ngach scoil/seomra ranga ag cur agallamh ar na páistí, ar na múinteoirí, ar phríomhoide na scoile agus ar na tuismitheoirí agus ag cur aithne orthu go léir. Déantar staidéar ar chultúir piaraí, seomra ranga agus scoile ach modhanna ilmhódacha, páiste-láraithe agus rannpháirteacha a úsáid. Leis an bhfo-staidéar teaghlaigh CSL, cuirtear agallamh freisin ar thuismitheoirí agus ar sheantuismitheoirí na bpáistí atá páirteach sa chás-staidéar.
Sa staidéar náisiúnta, déantar suirbhé tomhais arís agus arís eile ar pháistí, tuismitheoirí, múinteoirí ranga agus príomhoidí scoile. Is éard atá i gceist leis an suirbhé a chuirtear ar pháistí ná ‘ceardlann’ atá oiriúnach do pháistí ina dtreoraíonn oibrithe allamuigh a bhfuil taithí acu na páistí trí leabhrán idirghníomhach bailithe sonraí ina bhfuil míreanna ceistneora agus cluichí ina measc. Déanann príomhoidí scoile, múinteoirí agus tuismitheoirí ceistneoirí ar líne.
Don staidéar CSL, úsáidtear dearadh fadaimseartha tras-seicheamhach, lena gcuirtear tacar saibhir
sonraí ó mhodhanna measctha ar fáil. Faightear sin ach staidéar cainníochtúil atá ionadaíoch don tír agus cás-staidéir dhoimhne ar fho-shampla scoileanna a dhéanamh.
Cheadaigh Coiste Eitice um Thaighde Daonna an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an Staidéar Saol Scoile Páistí.
Tugann saineolaithe idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ar réimsí ar leith den dearadh taighde agus taighde a dhéanamh le páistí, comhairle d’fhoireann CSL ar na modhanna staidéir.