• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Skip to footer

CSL

Primary School Study

  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
CSL

Iniúchadh a dhéanamh ar thaithí saoil páistí i mbunscoileanna na hÉireann

Conas a bheadh sé dá mbeifeá i do rannpháirtí in CSL?

Beartas náisiúnta oideachais in Éirinn a fhorbairt a bhfuil tuairimí páistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus tuairimí mar bhonn eolais leis

Sna sé bliana atá amach romhainn, déanfaidh foireann CSL staidéar náisiúnta fadaimseartha cohóirt ar an mbunoideachas in Éirinn. Chun sin a dhéanamh, beimid ag dul i gcomhairle le páistí, tuismitheoirí, múinteoirí, príomhoidí, oideachasóirí luathbhlianta agus seantuismitheoirí chun faisnéis a fháil faoi thaithí saoil páistí ar scoil.

Cuirfidh an fhaisnéis sin bonn eolais faoin bhforbairt curaclaim agus faoin mbeartas níos leithne oideachais.

Léigh thíos chun foghlaim conas mar a bheadh sé dá mbeifeá i do rannpháirtí in CSL!

Childrens-School-Lives-UCD-Primary-School-Study-scaled

Páistí

Cad iad na bealaí is fearr, dar leat, chun tuairimí páistí faoin scoil a fháil amach?

Is cosúil gur focal aisteach é “taighde”, ach is mór an spraoi é i ndáiríre! Táimid ag iarraidh ort caipín an taighdeora a chur ort agus cabhrú linn foghlaim fút féin agus faoi do scoil ach gníomhaíochtaí spraíúla a dhéanamh lenár bhfoireann CSL.

Beidh leabhar oibre taitneamhach againn a iarrfaimid ort a líonadh le do rang, nó roinnt cluichí is féidir leat a imirt linne agus le cara leat. D’fhéadfadh sé go n-iarrfaimis ort labhairt linn, roinnt pictiúr a tharraingt agus grianghraif a thógáil de na rudaí atá tábhachtach duit faoin scoil!

Childrens-School-Lives-Family--scaled

Teaghlaigh

Cibé acu is é seo do chéad pháiste atá ag freastal ar an mbunscoil nó an páiste deireanach atá agat, táimid ag tnúth le foghlaim faoi do pháiste, faoi do theaghlach agus faoin taithí atá agat ar bhunscoileanna in Éirinn.

Beimid ag iarraidh ort páirt a ghlacadh in agallaimh agus/nó ceistneoir a líonadh gach bliain.

Childrens-School-Lives-Primary-School-Study

Scoileanna

Táimid ag dúil go mór le bheith ag oibriú i gcomhar le múinteoirí, oideachasóirí luathbhlianta, agus príomhoidí ina mbunscoileanna agus ina suíomhanna luathbhlianta chun eolas agus faisnéis thábhachtach a fháil ar oideachas in Éirinn ó dhearcthaí éagsúla.

Más múinteoir thú, iarrfaimid ort insint dúinn faoi do sheomra ranga agus faoi do chleachtais teagaisc. Más príomhoide thú, beimid ag cur ceisteanna ort faoin gceannaireacht scoile agus faoi chleachtais scoile.

DEARADH AN TAIGHDE

Don staidéar CSL, úsáidtear dearadh fadaimseartha tras-seicheamhach, lena gcuirtear tacar saibhir
sonraí ó mhodhanna measctha ar fáil. Faightear sin ach staidéar cainníochtúil atá ionadaíoch don tír agus cás-staidéir dhoimhne ar fho-shampla scoileanna a dhéanamh.

Léigh tuilleadh
EITIC AGUS COSAINT SONRAÍ

Cheadaigh Coiste Eitice um Thaighde Daonna an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an Staidéar Saol Scoile Páistí.

Léigh tuilleadh
MAOINITHEOIRÍ AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA

Tugann saineolaithe idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ar réimsí ar leith den dearadh taighde agus taighde a dhéanamh le páistí, comhairle d’fhoireann CSL ar na modhanna staidéir.

Léigh tuilleadh

Footer

University College Dublin,
School of Education,
Roebuck Offices, Belfield,

Dublin 4, Ireland


T:  +353 1 716 7906
E:  csl@ucd.ie


  • Baile
  • An Fhoireann
  • Taighdeoirí
  • Eitic Agus Cosaint Sonraí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English

GDPR Cookie Policy Terms & Conditions
Website by Giant Elk Creative