• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Skip to footer

CSL

Primary School Study

  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
CSL

Dearadh an Taighde

Dearadh an Taighde CSL

Is staidéar náisiúnta fadaimseartha cohóirt ar an mbunoideachas in Éirinn é Saol Scoile Páistí.

Don staidéar CSL, úsáidtear dearadh fadaimseartha tras-seicheamhach, lena gcuirtear tacar saibhir sonraí ó mhodhanna measctha ar fáil. Faightear sin ach staidéar cainníochtúil atá ionadaíoch don tír a dhéanamh ar 189 bunscoil agus cás-staidéir dhoimhne a dhéanamh ar 13 bhunscoil.

Childrens School Lives 2

Cad is aidhm do CSL?

Is é mór-aidhm an staidéir Saol Scoile Páistí iniúchadh a dhéanamh ar na tionchair éagsúla i saol laethúil páistí sa bhaile, ar scoil agus sa phobal agus iad ag aistriú chuig an mbunscolaíocht, ag dul tríthi agus ag teacht amach uaithi.

Aidhm 1

Dearcthaí agus taithí páistí, a dtuismitheoirí, a bpríomhoidí agus a múinteoirí a ghabháil agus iad ag dul tríd an gcóras bunscoile agus tagairt a dhéanamh do na haistrithe seo a leanas:

  • An Réamhscoil go dtí na Naíonáin Shóisearacha (staidéar réamhscoile)
  • Na Naíonáin Shóisearacha go dtí Rang a Dó (Cohórt A)
  • Rang a Dó go dtí an Chéad Bhliain den iar-bhunscoil (Cohórt B)

Aidhm 2

Fiosrú a dhéanamh ar na tosca a thrasnaíonn a chéile ar an leibhéal aonair, ar leibhéal an ranga, na scoile agus an phobail chun an taithí sin a chruthú agus tagairt ar leith a dhéanamh do na nithe seo a leanas:

  • Comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú
  • Cultúir scoile agus teagaisc
  • Folláine agus rannpháirtíocht
  • Torthaí foghlama
  • Ar scoil agus aistrithe idir scoileanna
CSL Primary Schooling Study 1

Príomhthéamaí

CSL Primary School Study Parent and child

Aistrithe oideachasúla

Is am cinniúnach i saol an pháiste é an t-aistriú ón réamhscoil go dtí an bhunscoil agus ón mbunscoil go dtí an iar-bhunscoil (oideachas meánscoile). Fiosraítear le staidéar CSL an chaoi a mbainistíonn páistí, a dteaghlaigh agus a scoileanna tréimhsí aistrithe agus conas a oiriúnaíonn siad do na tréimhsí sin, agus béim ar leith á cur ar fholláine agus ar thorthaí foghlama.

Comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú

Breathnaímid ar an tionchar a bhíonn ag inscne, aicme shóisialta, eitneachas, míchumas/cumas agus aois ar shaol páistí bunscoile, tosaíochat a thabhairt do ghutanna leanaí, lena n-áirítear an chaoi a dtrasnaíonn dinimic an teaghlaigh, an phobail agus na scoile ar thorthaí foghlama agus ar phatrúin an chomhionannais, an rannpháirteachais agus na rannpháirtíochta le curaclam na bunscoile.

Childrens-School-Lives-UCD-Primary-School-Study-scaled
Children's School Lives Report

Folláine agus Rannpháirtíocht

Tá gné mhothúchánach, shíceolaíoch agus shóisialta ag baint le folláine páistí agus forbraítear i gcomhthéacsanna scoile í. Is cuid lárnach den fholláine í an rannpháirtíocht scoile agus bíonn tionchar aici ar thorthaí foghlama páistí. I staidéar CSL déantar scrúdú ar an gcaoi a bhforbraíonn folláine agus rannpháirtíocht páistí le linn na bunscolaíochta.

Foghlaim agus Teagasc

Fiosraítear taithí laethúil páistí agus tuiscintí páistí, múinteoirí, príomhoidí, tuismitheoirí (agus seantuismitheoirí!) ar a mbunscoileanna, agus soláthraítear forléargas saibhir ar thimpeallachtaí scoile agus seomra ranga i gcomhthéacs níos leithne an athraithe shóisialta, agus forbairtí i gcleachtais churaclaim, oideolaíocha agus mheasúnaithe.

CSL Primary School Study 5
Children's School Lives for teachers

Torthaí Foghlama

Scrúdaítear an chaoi a bhforbraíonn gnóthachtáil litearthachta agus uimhearthachta páistí ar fud na bunscolaíochta. Ach sonraí caighdeánaithe gnóthachtála a bhailiú le himeacht ama, beifear in ann scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a dtéann raon fachtóirí i bhfeidhm ar an bhfoghlaim agus ar an ngnóthachtáil.

Childrens-School-Lives-Family--scaled

Cé atá páirteach i Staidéar CSL?

Is staidéar náisiúnta fadaimseartha é Saol Scoile Páistí atá ionadaíoch don tír ar fad a dhéantar in imeacht sé bliana.  Tá dhá chohórt i gceist mar a leantar an grúpa céanna páistí gach bliain ina dtaithí ar an mbunscoil.

Cohórt A

  • Leantar páistí a thosaíonn sa bhliain réamhscoile agus iad ag aistriú isteach sa bhunscoil
  • Leantar na páistí sin go dtí deireadh rang a dó
  • Tonn 1 a bailíodh in earrach 2019
  • 87 bunscoil agus 200 réamhscoil a dhéanann ionadaíocht do gach cineál scoile go náisiúnta
  • 8 rang cás-staidéir dhoimhne ar fud suíomhanna éagsúla bunscoile

Cohórt B

  • Leantar páistí i rang a dó
  • Leantar na páistí sin gach bliain go dtí an chéad bhliain sa mheánscoil (2024–2025)
  • Tonn 1 a bailíodh in earrach 2019
  • 102 bunscoil a dhéanann ionadaíocht do gach cineál scoile go náisiúnta
  • 7 rang cás-staidéir dhoimhne ar fud suíomhanna éagsúla bunscoile
Tonn 1 Tonn 2.1 Tonn 2.2 Tonn 3 Tonn 4 Tonn 5 Tonn 6.1 Tonn 6.2
Bliain 2019 2019 2020 2021 2022 2023 2023 2024
Cohórt A Réamhscoil Naíonáin Shóisearacha Naíonáin Shóisearacha Naíonáin Shinsearacha Rang a hAon Rang a Dó - -
Cohórt B Rang a Dó - Rang a Trí Rang a Ceathair Rang a Cúig Rang a Sé An Chéad Bhliain An Chéad Bhliain
Scrollaigh
CSL 5

Conas a bheadh sé dá mbeifeá i do rannpháirtí in CSL?

Is staidéar modhanna measctha é Saol Scoile Páistí lena ndéantar staidéar náisiúnta ar pháistí ar fud 189 bunscoil agus taighde níos doimhne i gcás-staidéir le 13 scoil.

Maidir leis na cás-staidéir, a roghnaítear chun ionadaíocht a dhéanamh d’éagsúlacht na gcineálacha bunscoileanna in Éirinn, caitear níos mó ama i ngach scoil/seomra ranga ag cur agallamh ar na páistí, ar na múinteoirí, ar phríomhoide na scoile agus ar na tuismitheoirí agus ag cur aithne orthu go léir. Déantar staidéar ar chultúir piaraí, seomra ranga agus scoile ach modhanna ilmhódacha, páiste-láraithe agus rannpháirteacha a úsáid. Leis an bhfo-staidéar teaghlaigh CSL, cuirtear agallamh freisin ar thuismitheoirí agus ar sheantuismitheoirí na bpáistí atá páirteach sa chás-staidéar.

Sa staidéar náisiúnta, déantar suirbhé tomhais arís agus arís eile ar pháistí, tuismitheoirí, múinteoirí ranga agus príomhoidí scoile.  Is éard atá i gceist leis an suirbhé a chuirtear ar pháistí ná ‘ceardlann’ atá oiriúnach do pháistí ina dtreoraíonn oibrithe allamuigh a bhfuil taithí acu na páistí trí leabhrán idirghníomhach bailithe sonraí ina bhfuil míreanna ceistneora agus cluichí ina measc.  Déanann príomhoidí scoile, múinteoirí agus tuismitheoirí ceistneoirí ar líne.

DEARADH AN TAIGHDE

Don staidéar CSL, úsáidtear dearadh fadaimseartha tras-seicheamhach, lena gcuirtear tacar saibhir
sonraí ó mhodhanna measctha ar fáil. Faightear sin ach staidéar cainníochtúil atá ionadaíoch don tír agus cás-staidéir dhoimhne ar fho-shampla scoileanna a dhéanamh.

Léigh tuilleadh
EITIC AGUS COSAINT SONRAÍ

Cheadaigh Coiste Eitice um Thaighde Daonna an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an Staidéar Saol Scoile Páistí.

Léigh tuilleadh
MAOINITHEOIRÍ AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA

Tugann saineolaithe idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ar réimsí ar leith den dearadh taighde agus taighde a dhéanamh le páistí, comhairle d’fhoireann CSL ar na modhanna staidéir.

Léigh tuilleadh

Footer

University College Dublin,
School of Education,
Roebuck Offices, Belfield,

Dublin 4, Ireland


T:  +353 1 716 7906
E:  csl@ucd.ie


  • Baile
  • An Fhoireann
  • Taighdeoirí
  • Eitic Agus Cosaint Sonraí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English

GDPR Cookie Policy Terms & Conditions
Website by Giant Elk Creative