• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Skip to footer

CSL

Primary School Study

  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
CSL

Eitic Agus Cosaint Sonraí

Conas a chosnaítear príobháideachas an rannpháirtí?

Cheadaigh Coiste Eitice um Thaighde Daonna COBÁC, an Staidéar Saol Scoile Páistí. Comhlíonann sé an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) de chuid na hEorpa lena gcosnaítear sonraí pearsanta páistí, tuismitheoirí, múinteoirí agus príomhoidí scoile ó na scoileanna a bhfuil baint acu leis an staidéar. Is iad an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (COBÁC) agus an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) na comhrialaitheoirí sonraí do CSL.

Láimhseálfar an fhaisnéis uile a sholáthraíonn rannpháirtithe taighde faoi rún daingean agus ní úsáidfear í ach chun críocha taighde. Ní bheidh aon scoil ná páiste aonair inaitheanta in aon tuairisciú a dhéanfar ar thorthaí an staidéir.

CSL Primary School Study Parent and child

Conas a dhéantar páistí a chosaint sa taighde?

Príomhluach de chuid an staidéir is ea a chinntiú go n-éistear le tuairimí paistí maidir le hábhair a mbíonn tionchar díreach acu orthu. Tá foireann taighde CSL tiomanta do chearta, sábháilteacht agus folláine aon pháiste a ghlacann páirt sa staidéar a chinntiú.

Déantar grinnfhiosrúchán ar gach ball den fhoireann taighde agus rinne siad an clár ríomhfhoghlama Tús Áite do Leanaí.  Is gairmithe tiomnaithe iad oibrithe allamuigh CSL, ag a bhfuil taithí fhairsing ar oibriú le páistí i suíomhanna oideachais.

Children's School Lives Research Design

Conas a fhaightear toiliú an rannpháirtí?

Fuair gach scoil CSL faisnéis mhionsonraithe faoi na nósanna imeachta staidéir, na riachtanais agus na sceidil agus shínigh siad meabhrán tuisceana chun páirt a ghlacadh ann.

Iarradh toiliú feasach ar thuismitheoirí chun go mbeadh a bpáistí in ann páirt a ghlacadh ann. Faightear toiliú ó pháistí freisin sula ndéantar aon ghníomhaíochtaí giniúna sonraí. Ní úsáidtear aon sonraí sa chás nach dtoilíonn tuismitheoirí/páistí leis.

Tugtar faisnéis mhionsonraithe do phríomhoidí agus do mhúinteoirí faoi na nósanna imeachta bailithe sonraí agus faoina bhfuil i gceist le rannpháirtíocht roimh gach tonn bailithe sonraí.

CSL Primary Schooling Study 5

Cad a tharlaíonn don fhaisnéis a bhailítear?

Stórálann an fhoireann taighde CSL sonraí pearsanta na rannpháirtithe (m.sh. ainm, scoil) chun a chur ar ár gcumas an sampla céanna a leanúint thar imeacht tréimhse níos faide ama (mar shampla, le linn oideachas dara leibhéal agus ar aghaidh go dtí an breisoideachas agus an t-ardoideachas nó an fhostaíocht). Níl rochtain ach ag baill lárnacha den fhoireann taighde CSL ar shonraí pearsanta a choimeádtar go daingean de réir treoirlínte cosanta sonraí.

Maidir leis na sonraí eile go léir (mar shampla, na freagraí eile ar na suirbhéanna agus ar na hagallaimh), baintear aon sonraí aitheantais (mar shampla, ainm) agus cuirtear ainm bréige nó uimhir aitheantais isteach ina n-áit. Cuirtear na sonraí do-aitheanta sin ar fáil do thaighdeoirí eile chun anailís a dhéanamh orthu. Ní bheidh aon taighdeoir lasmuigh den fhoireann lárnach CSL in ann aon rannpháirtí aonair a aithint.

CSL Primary Schooling Study 8

Cá fhad a choinneofar sonraí rannpháirtithe?

Stórálfaidh an fhoireann taighde CSL sonraí pearsanta do-aitheanta na rannpháirtithe ar feadh tréimhse gan teorainn, chun a chur ar ár gcumas an sampla céanna a leanúint thar imeacht tréimhse níos faide ama (mar shampla, le linn oideachas dara leibhéal agus ar aghaidh go dtí an breisoideachas agus an t-ardoideachas nó an fhostaíocht).

Children's School Lives for teachers

An féidir liom m’intinn a athrú faoi bheith rannpháirteach in CSL?

Is féidir, beidh tú rannpháirteach sa staidéar go hiomlán de do dheoin féin agus tá sé de cheart ag rannpháirtithe tarraingt siar ón staidéar ag am ar bith, ach teagmháil a dhéanamh le foireann an staidéir trí ríomhphost (csl@ucd.ie), ar an nguthán (01-7167903) nó tríd an bpost chuig CSL, Scoil an Oideachais, COBÁC, Oifigí Roebuck, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 4, Éire.

Má bhí tú i do rannpháirtí in CSL, tá sé de cheart agat srian a chur ar an bpróiseáil a dhéantar ar do shonraí pearsanta agus scriosadh sonraí pearsanta a iarraidh. Má tá imní ar bith ort nó más maith leat sin a phlé, téigh i dteagmháil leis an bhfoireann ag cslschools@ucd.ie, nó ar 01-7167903.

Childrens-School-Lives-UCD-Primary-School-Study-scaled

Conas is féidir liom ceist a chur nó imní a chur in iúl faoi chosaint sonraí sa Staidéar CSL?

Más mian leat gearán a dhéanamh maidir le próiseáil sonraí, téigh i dteagmháil leis an Oifig um Chosaint Sonraí, COBÁC ag gdpr@ucd.ie, nó le hOifigeach Cosanta Sonraí CNCM ag dpo@ncca.ie.

Childrens School Lives 8

Tuilleadh ceisteanna – téigh i dteagmháil linn!

Féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh le taighdeoirí COBÁC ag am ar bith má tá aon cheist agat nó má theastaíonn soiléirithe breise uait. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar an nguthán (01-7167903) nó is féidir leat dul i dteagmháil linn ar ríomhphost cslschools@ucd.ie.

DEARADH AN TAIGHDE

Don staidéar CSL, úsáidtear dearadh fadaimseartha tras-seicheamhach, lena gcuirtear tacar saibhir
sonraí ó mhodhanna measctha ar fáil. Faightear sin ach staidéar cainníochtúil atá ionadaíoch don tír agus cás-staidéir dhoimhne ar fho-shampla scoileanna a dhéanamh.

Léigh tuilleadh
EITIC AGUS COSAINT SONRAÍ

Cheadaigh Coiste Eitice um Thaighde Daonna an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an Staidéar Saol Scoile Páistí.

Léigh tuilleadh
MAOINITHEOIRÍ AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA

Tugann saineolaithe idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ar réimsí ar leith den dearadh taighde agus taighde a dhéanamh le páistí, comhairle d’fhoireann CSL ar na modhanna staidéir.

Léigh tuilleadh

Footer

University College Dublin,
School of Education,
Roebuck Offices, Belfield,

Dublin 4, Ireland


T:  +353 1 716 7906
E:  csl@ucd.ie


  • Baile
  • An Fhoireann
  • Taighdeoirí
  • Eitic Agus Cosaint Sonraí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English

GDPR Cookie Policy Terms & Conditions
Website by Giant Elk Creative