• Skip to primary navigation
  • Skip to main content
  • Skip to footer

CSL

Primary School Study

  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
  • Baile
  • Cé muidne
    • An Fhoireann
    • Dearadh an Taighde
    • Eitic Agus Cosaint Sonraí
    • Maoinitheoirí & Páirtithe Leasmhara
  • Taighdeoirí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English
CSL

Taighdeoirí

Faisnéis do Thaighdeoirí

Cuirfidh sonraí ón Staidéar Saol Scoile Páistí bunachar sonraí saibhir uathúil ar fáil don phobal taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta. Tá foireann CSL tiomanta d’acmhainn a fhorbairt sa taighde faoi shaol scoile páistí.

Childrens School Lives 1

Cartlannú Sonraí

Déanfar sonraí a chartlannú go leanúnach le himeacht ama le haghaidh anailís thánaisteach sonraí.  Táimid i mbun sonraí gan ainm ó na chéad tonnta a chartlannú.  Téigh i dteagmháil le csl@ucd.ie má tá aon cheist agat faoi úsáid sonraí.

Children's School Lives Report

Taighde agus Comhar

Tá an taighde agus an comhar i gcroílár an staidéir Children’s School Lives. Más taighdeoir gairmiúil thú ar spéis leat anailís a dhéanamh i gcomhar ar shonraí CSL, téigh i dteagmháil linn!

Téigh i dteagmháil le csl@ucd.ie nó dympna.devine@ucd.ie, jennifer.symonds@ucd.ie, seaneen.sloan@ucd.ie.

CSL Primary School Study 1

Taighde Iardhochtúireachta agus Dochtúireachta

Tá suim againn i gcónaí cloisteáil ó dhaoine ar spéis leo a staidéir PhD nó Iardhochtúireachta a dhéanamh le foireann CSL.

Más suim leat do scileanna taighde a fhorbairt, oiliúint a fháil agus forbairt a dhéanamh i réimsí a bhaineann lenár gcroíthéamaí (Aistrithe Oideachasúla; Folláine agus Rannpháirtíocht; Comhionannas, Éagsúlacht agus Ionchuimsiú; Ceannaireacht agus Teagasc; Torthaí Foghlama).

Téigh i dteagmháil le foireann an staidéir.

CSL Primary School study

Intéirneachtaí

Tá an tionscadal CSL ar bun faoi láthair agus tá deiseanna intéirneachta ann maidir le sonraí a iontráil agus a anailísiú. Téigh i dteagmháil le foireann CSL chun tuilleadh sonraí a fháil.

DEARADH AN TAIGHDE

Don staidéar CSL, úsáidtear dearadh fadaimseartha tras-seicheamhach, lena gcuirtear tacar saibhir
sonraí ó mhodhanna measctha ar fáil. Faightear sin ach staidéar cainníochtúil atá ionadaíoch don tír agus cás-staidéir dhoimhne ar fho-shampla scoileanna a dhéanamh.

Léigh tuilleadh
EITIC AGUS COSAINT SONRAÍ

Cheadaigh Coiste Eitice um Thaighde Daonna an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an Staidéar Saol Scoile Páistí.

Léigh tuilleadh
MAOINITHEOIRÍ AGUS PÁIRTITHE LEASMHARA

Tugann saineolaithe idirnáisiúnta, a bhfuil saineolas acu ar réimsí ar leith den dearadh taighde agus taighde a dhéanamh le páistí, comhairle d’fhoireann CSL ar na modhanna staidéir.

Léigh tuilleadh

Footer

University College Dublin,
School of Education,
Roebuck Offices, Belfield,

Dublin 4, Ireland


T:  +353 1 716 7906
E:  csl@ucd.ie


  • Baile
  • An Fhoireann
  • Taighdeoirí
  • Eitic Agus Cosaint Sonraí
  • Nuacht & foilseacháin
  • Teagmháil
  • English

GDPR Cookie Policy Terms & Conditions
Website by Giant Elk Creative